Sonraí le haghaidh: A Neainsín Bhán
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- G Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'A Neainsín Bhán' on thesession.org
- Liricí
Ó,’s a Neainsín Bhán cé’s ansa leat,
‘Fear eile nó mé fhéin?
Is, a Neainsín thug mé “fancy” dhuit
I dtosach ar mhná’n tsaoil;
Mar shíl mé go mba bhréatha thú
ná bean ar bith sa saol,
Smid cainte ná raibh ag an té
Nach molfhadh leat-sa mé.‘S má théan tú chun an aonaigh
Bíodh a’ chaora leat is a’t-uan,
‘S má théan tú’déanamh tí (obh-ai)s
Bíodh do mhian agat ar dtús.
Óra, bíodh sé maorga macánta,
Is molta as a clú,
‘S ní barr maoine ‘thabharfaidh ‘un tí(obh-ai)s thú
‘S ná mealltar le sraoill thú.‘S dá mbeadh “heels” agus “tops” faoí mo bhróga a’m,
Agus cóir mhaith bheith ar na boinn,
Óra ghabhfainnse ‘ch uile Dhomhnach leat
San áit a mbíonn a’ spraoi;
Mar ni thógfadh an t-aos óg orm
Gach comhra dá gcuirfinn díom
‘S dá mbéadh mo stór ar cheann an stóil
Níorbh fhada liom an oích’.‘S ar theacht na Nollag nach dona í an obair
A’ síorchur (in) sa gcré!
Mar bhéadh seachcán ar bharr sceiche,
Nó barr glas na sú’ craobh;
Mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse
D’aon fhear beo sa saol
A thógfadh orm bheith ag cogarnáil
Le stóirín geal mo chléibh.Is, a théagairín, ní féidir duit
Gan duine éicint a fháil
A nífidh do chuid éadaigh
Nó a fhuinfidh do chuid ‘ráin;
Ach, a phéarla ‘tá breá gléigeal
Go cíoch, go cois, go láimh,
‘S é mo léan gan mé faoi shléibhte leat
‘S cean éada ag feara Fáil!