Sonraí le haghaidh: An Spealdóir
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- C Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'An Spealdóir' on thesession.org
- Liricí
Um Méan an Fhomhair do caitheamh dom ba tuirseach dúbhach mo scéal.
Go breoite brónach ceasnaithe gan aiteas ins a tsaol;
Mo pháircín féir gan gearradh ‘gam de dheascaibh Chlainn a’ Bhreachlainn
Is féar na gcomharsan treascartha ‘s á chíoradh le gréin.Do smaoiníos im’ aigne istóiche trí’m néall
Go raibh beirt de fhearaibh calma ar Uibh Ui Mhaoir
Fé’na ndéin gur chuireas teachtaireacht chun mo pháircín féir a ghearadh dhom
is ba ghramhar, fáilteach freagarthach a thánadar araon.Nuair a ghabhadar ar maidin ag sabháilt an fhéir
A bpící ‘gus a raca ‘ca i láimh gach n’aon,
Do chíoradar ‘gus scapadar, á chnuasach chun an eadartha
Is bhí na cocaí ceangailte le fáinne an lae.