Sonraí le haghaidh: An Seanduine Cam
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'An Seanduine Cam' on thesession.org
- Liricí
Bhí aithne ‘gus eolas ag’m ar shean-fhear sách dóighiúil,
Sé’n áit ar chónaigh sé thíos ins a’ ngleann.
Bhí sé i ndeis mhór ann bhí eallach go leor aige
Airgead is ór buí is é’chur ina cheann.
Rinne sé comhairle bean óg a phósadh
Go gcoinneóch sí cúrsaí seacht nuaire ní bhfearr
Maidin’s tráthnóna bhí fearg is gruaim uirthí
Faoí cochair a’trúnc (is) ní raibh sí dhá fháil.An Bhean
Nach suarach an tslí dhom mo shamhail de mhnaoí, bheith
ag caitheamh mo shaoil leat gan sugradh ná greann
Nuair nach mór í mo ghnaoi ort, nár fhága tú do shaol mé
Go bhfanfainn-se taobh leat-sa, a sheanduine chaim.An Fear
Nach dtug mé go leor dhuit, airgead is ór buí
Báid bheaga ‘s báid mhóra, capaill is cáirr;
Le n-ithe do dhóthain, beatha maith i gcónaí.
Togha leaba clúimh is cead coladh go sámh.
Sin is gach aon tsórt dá gcuirfeá-sa spórt ann
Go fiú an parasól le tabhairt leat is do láimh
Capall maith nó pónai le cur fút i gcónai
Dul ag Aifreann Dé Comhnaigh, da dtogrócha dhul ann.An Bhean
Da dtabharfá an mór-shaol le nithe’s le n-ól dom
Saibhreas Rí Sheoirse, ba mhór é le rá,
Loingeas faoí sheoltaibh is cóistí ar bhóithribh
B’fhearr liom fear óg ná thú, a sheanduine chaim.An Fear
Nuair nach nglacfa tú comhairle, téirigh dhá thóruíocht,
Cuir ort do bhróga, do chlóca ar do bhráid
Bi ag na cros-bhóithribh le tighreacht an tráthnóna
Is tá seans ar fhear óg a’t má bhíonn tú ‘bhfad ann.
Nuair thiocfas an oíche ‘s nach bhfaighe tú aon dídean
Tosóidh tú ag caoineadh ‘s gan aon mhaith dhuit ann
Thabharfainn an Bíobla anois le gan-fhírinn
Go mbhfearr leat bheith arís ag do sheanduine cam.An Bhean
Nach suarach an tslí dhom mo shamhail de mhnaoí bheith
ag caitheamh mo shaoil leat gan sugradh ná greann.
‘S a fhairsingeacht ‘s tá’n saol ó Ghaillimh go Luimneach
Is a liachtaí sin Muimhneach i gCondae an Chláir.
Dá bhfaighinn-se dídean tmpeall sa Saoirsinn
D’fhéadfhainn an Geimhreadh a chaitheamh go sámh.
Shásóch sé m’intinn, is ní bhéadh tuirse chroí orm
Ag fanúint taoibh leat-sa a sheanduine chaim.An Fear
Da mheithfeá có críonna ‘s ba chóir do bhean tí ‘bheith
‘S tú dhféadfhadh an Geimhreadh a chaitheamh go sámh
Olann na gcaorach, go n-íochfhadh sé’n cíos dúinn
‘S an méid eile bhéadh againn, a bheith faoí do láimh.
Ní mar sin a bhíonn tú ach lán de dhroch-smaointe
Is iomaí sort íntinn a thigeanns do mhnáibh.
Ach tá mé rí-chinnte, dá mbeithfeá sách caoiúil
Nach n-amhdhócha chóiche go raibh tú ghá fháil.
Rianta
- An Seanduine Cam (Tom Pháidín Tom Ó Coisdealbha)
- An Seanduine Cam (Cóilín Mac Donncha)
- An Seanduine Cam (Cóilín Mac Donncha)
- An Seanduine Cam (Cóilín Mac Donncha)
- An Seanduine Cam (Áine Nic Dhonncha)
- An Seanduine Cam (Tom Pháidín Ó Coistealbha)