Sonraí le haghaidh: Amhran An Tae
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'Amhran An Tae' on thesession.org
- Liricí
Tráthnóna Dé Sathairn ar dhul fé don ghréin,
Sea chonaic mé lánúin i ngarrdha leo féin,
Bhí an bhean is í go casaoideach ag caint ar an tae,
Is níor mhaith leis an bhfear í bheith a trácht air.AN FEAR:
Muis bíonn tusa i gcónaí a’ cur síos ar an tae
Is an lá bhíonn sé agat ní feictear agat é.
Imigh leat is faigh tobac dom ar mhaithe leat féin
Nó roinnfidh mé leat feac na láighe.AN BHEAN:
Is cén tslí atá agamsa gó bhfaighinnse dhuit é
Ach ag ceangailt dha chearca a raibh ubh acu aréir;
Rud a thóig tú fá Nollaig níor íoc tú fós é,
Is tá’n méid sin sách gann ag na páistí.AN FEAR:
Is t’a mise dá cheapadh gur suarach an tslí,
‘Bheith ag obair dhuitse gan tada dá chionn,
Dá dtigfinn isteach ag aon fhear sa tír
Ós gheobhainn tobac is roinnt páighe.AN BHEAN:
Sé a n-iarrfá-sa de obair i gcaitheamh do shaoil,
Ach ag caitheamh tobac is á ligean le gaoith,
Ach taispeáin anois cá ‘il do mhaith nó do mhaoin,
Is nach siamsúil an lón do na páistí.AN FEAR:
Is dá dtéinnse go Gaillimh nó amach go hAth Cinn,
Anonn go Cinn Mhara nó amach Béal Atha an Rí,
O, chasfaí i detach mé seachtain nó mí
Go saothraínn luach drár agus báinín.AN BHEAN:
Muise d’imigh tú cheana agis tháinig tú arís.
Ní fhaca muid agat coróin, scilling ná pingin,
O luigh tú ar do leaba is do thaobhanna tinn,
Is bhí an slaghdán go doimhin i do chnámha.AN FEAR:
O stop do bhéal feasta, a amaid de shraoill,
Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfeas do dhroim,
Nach ag obair is ag achrann a chaith tú do shaol,
Is bhí an faisean sin céanna ag do mháithrín.AN BHEAN:
Is má tá mise im amaid is go bhfuil mé mo shraoill,
Is léine ar mo chroiceann chomh dubh leis an daol,
O dhíol mé a raibh agam go n-íocfainn an cíos,
Agus sin é d’fhág follamh mo lámha.AN FEAR:
Rud ‘dúirt mé leat cheana, adeirm leat é,
Mura n’eistidh tú feasta le glorthaibh mo bhéil
Mura stopa tú anois agus leigeant do’n tae
Is gear a bheas teach agat ná árus.AN BHEAN:
O’s tá mise le fada ag coinneál an tí
Nó gur fhágais mé folamh, gan deolch a’am ná greim
Mura n-óllfainn ar maidin lan sgilléid dá phighinn
Ní bheidh braon ins an gcích ag an bpáiste.Chuaidh sé go Gaillimh goreidheadhle fear dlí
Ní bhfiagheadh sé bheith ‘cainnt leis gan leath-ghiní buí
‘Bí agam sa Spidéal ar maidin Déardaoin
Táim cinnte go reiteo’ mén cás sin.Bhí an lanúin sa Spidéal ar maidin an lae
Ach dheamhan blas a rinneadh ach a gcur ar an-réidh
Ní dearnadh de’n bheirt sin ach magadh is bith-éimh
Ach táim a’ceapadh gur cailleadh na páistí.
Rianta
- Amhrán an Tae (Val Ó Flatharta)
- Amhran an Tae (Darach Ó Catháin)
- Amhran an Tae (Darach Ó Catháin)
- Amhrán an Tae (Darach Ó Catháin)
- Caoine Uí Riada/Máire Ní Eidhin/Caiptín Ó'Máille, etc. (Darach Ó Catháin)