Sonraí le haghaidh: Carraig Aonair
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Dorian
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'Carraig Aonair' on thesession.org
- Liricí
O, Luan dubh an áir tháinigh suaimhneas ró bhreá,
Do ghluaiseadar uaimsé leathúairín roimh lá.
Ag iascaireacht i mbád i gcontúirt a mbás
Go mbeidh iarsma na blian’ úd ‘na ndiaidh go bhfaghad bas.‘Se Dónal mo mhaoin an té b’óige dhem’ chloinn
Agus coicíos ó’n la san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhri, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga bhoga geala ‘s iad leathta ar a dtuinnSé Cormac mo stór sé rí na bhfear n-óg
Bhí modhamhail maiseach múinte géar-chumtha go leor.
Do scríobh sé’r a gcóir leis a mbuachla bhí ‘na bhróig,
Gurab i Carraig Aonair a chéile go deo.Tá duine eile ‘em chloinn, nar thráchtas air puinn
Finín, mo chogarach, ceann cothuithe an tí,
Thugadh fia leis ó’n gcoill is an bradán ó’n linn
Feadóga dubha an tsléibhe ‘s gan bhréig an chearc fraoig.Sí an Nollaig seo chughainn na Nollaig gan fonn,
Ag mo cheathrar bhreá bhroinngheal thá fé sruthaibh na dton
Dá bhfaighinnse mo thriúr, tá go doimhin ins an úir
Is robhreá do chaoinfhinn agus shínfhinn iad suas.‘S a chlann ó mo chroí, nó an trua libh mar a bhí
Bhúr n-athairín bocht fheinigh ag gear gol ‘sag caoi
‘Na chuaile trom chríon’ i gcúil fuar a’ thi
‘S bhúr ndlúth-cháirde fhéinigh ag cásamh mar bhím.Nuair a théim-se ar a gclaí, nuair fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair ‘sea phléasgann mo chroí
‘Sar ais dhom arís go mullach mo thí
Ós is i Caraig Aonair is céile dhom chloinn.
Rianta
- Carraig Aonair (Diarmunid Ó Súilleabháin)
- Carraig Aonair (Diarmuid Ó Suilleabhain)