Sonraí le haghaidh: An Sceilpin Draighneach
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- C Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'An Sceilpin Draighneach' on thesession.org
- Liricí
Maidin chíuin d’ár eiríos, amach faoí bhárr na gcoillte
Annsiúd sea caitheadh saighead liom is mo leigheas ní raibh le fáil
Mar a dhearch mé’n bhruinneal mheidhreach ag bun na sgeithe draighne
Agus gheit mo chroí le meidhir dhí, ach dheamhan eirigh liom í fháil.Nach trua gan mé ‘mo smóilín, ‘nach leanfhainn ar an róid thú
‘Sgo mbeinn ag seinm ceoil duit go n-éirí an lá bán
Dá bhfaighinn-se sean-bhean chríonna a mbéadh aicí bó ná caoire
Thiománfhainn í chun aonaigh, le go mbainfinn aistí greann.Agus buachaill mé atá aontraic is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim
Go siubhalfhaidh mé na reigiúin is as sin go Tír na Long
Ó chorcaigh go Beann Éadair is go Bail’ ‘Atha’ Cliath ‘na dhiaidh sin
Go Droichead Bhaile an tSléibhe nó go Béal an Áth’ siar.Tá mná na leanna ag coineadh, is ná’r fhóire ortha Mac Íosa
Nuair a bhíonns an sparán spíonta ‘s ar mo chroí a bhíonns an brón
Sé mo shúil go bhfaigheam aríst í ach mo léan ní bhfaighead ná coíche
Is gur gheall le saighead ar spíle í, is nach claoite ‘n galar an grá.Agus reachfhaidh mé, má fhéadaim, go Meirioca i dtús an tséasúir
Dhon áit nach mbeidh mo ghaolta, ar aon taobh ná a’ tigheacht romhainn
Is ní fhillfhe mé ar ais go hÉirinn, go labhra’ ‘n chuach ‘san Gheimhreadh
Nó go mbeidh Caisleán Rinn na Mhileadha dhá dhéanamh ar bhruach an chuain.