Sonraí le haghaidh: Tomás Bán Mac Aogáin
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- C Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Tomás Bán Mac Aogáin' on thesession.org
- Liricí
Is aréir ag tíocht ón tórramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí,
Mo chreach agus mo chrá ní sa mbaile a chaith mé an oiche
Tá arraing ag dul trasna thríom is í ‘g cónai i lár mo chroí
Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom ‘s ní mhairfidh mé beo mí.Is tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ‘s mé in uaigneas liom fhéin
Séard dúirt sé ná biodh buaireadh ort ná rud ar bith mar é
Sí do chúilín catach a mharaigh mé is mar gheall ort crochfar mé
‘S gur measa liom naoí n-uaire thú ná an mháthair atá ‘n mo dhiaidh.Ó, is a Thomáis Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú dhul i gcill
Cé h-ionadh liom do mháithrín bhocht bheith go brónach in do dhiaidh
Dhá mbeitheá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn
Ach do chrocha as na saltrachaí ‘s an bháisteach le do dhroimÓ, is a Thomáis Bháin bi cinnte ‘s tú searc is rún mo chroi
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga ‘n tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé
‘S a Dhia nach mór an feall é an planda breá mar é.Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul ann
Beidh ann na seisiúin ceathrúna idir Gaeil ‘s clainne Gall
Ní dhaorfar ann ach beirt éicint agus crochfar iad mo léan
Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin ‘s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.
Rianta
- Tomás Bán Mac Aogáin (Micheál Seoighe)
- Tomás Bán Mac Aogáin (Darach Ó Catháin)
- Tomás Bán Mac Aogáin (Seamus Mac Mathúna)
- Tomás Bán Mac Aogáin (Peadar Ó hAllmhuráin)
- Tomás Bán Mac Aogáin (Niamh Nic Mhathuna)