Sonraí le haghaidh: An Carabhat
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'An Carabhat' on thesession.org
- Liricí
Is fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
Ag tuar chun sparainne i gclár Uí Néill
Ó bhailte na tuaithe go bruach na farraige
Uamhan ‘s eagla ‘s ár ar Ghaeil
Tá siosma ró-mhór ‘sa chuan seo in aice linn
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn
Ag sileadh na súl ‘tabhairt comhairle bhur leasa dhibh
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.A bhuachaillí an chroí ná bígí i bhfearg liom
Díbhse má spreagaimse mo ráite béil
Bíonn osna im chroí nuair a chím ná leanann sibh
Dlí na hEaglaise is áille méin
Ach ag imeacht le baois ‘déanamh aimhleas bhur n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearathal
Geallaimse dhíbh go bhfuil bhur naimhde ag magadh fúibh
Táimse im chodladh nó is fíor mo scéal.‘Se teagasc na cléire ‘s réir na hEaglaise
An tslí mar mheasaimse is fearr chun Dé
‘S ní ag dul chun an aonaigh le faobhar go feargach
Tréan fé arm chun lámhach na bpiléar
Nach ainnis an scéal atá le léamh ag Gallachoin
Gurb iad Clanna Gaeil atá ag déanamh an achrainn
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana-cheirt
Bhest agus carabhat bán a thréig.