Sonraí le haghaidh: Na Conneries
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Mixolydian
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Na Conneries' on thesession.org
- Liricí
‘Neosfaidh mise scéal díbh má’s é bhúr dtoil liom éisteacht
A’ tagairt dos na séimh-fhir ‘tá ag seoladh uainn ar fán
Gur tógadh go béasach le scoil agus le léann iad
Le clú le meas le héifeacht agus le haon-ghean da gcáil
Dá shiúfainn tír na hÉireann agus Sasana le chéile
Albain, Van Dieman, an Éigipt is an Spáinn
Geallaimse gan bhréig díbh ná raghad ag insint éithigh
Ná faighinn a neart ná (a) dtréineacht in aon bheirt driothár.Na Conneries na sár-fhir is iad atá mé ‘g áireamh
Cé go bhfuilid seal ar fán uainn in áras faoí bhrón
‘Sí a gcistin a bhíodh go buacach go flaithiúil fáiltiúil fuarmach
‘Geal-chupardach geal-shubhailceach faoí mór-chuid den bhfeoil
Tógadh iad go buacach gan anacra gan chruatan
Go súgach sultmhar subhailceach gan bhuaireamh gan ghá
Bhí cabhair is cúnamh Dé acu, bhi buíochas óg ‘s aosta orthu
‘S ba mhaith an ceart gan aon locht bheith ar a méin ná ar a gcáil.Dá gcasfaí bochta Dé ann nó traibhiléir bocht aonair
Bhí a leaba ‘gus a mbéile ann ‘s gach féile ‘cu le fáil
Ach (anois) ta madraí go craosach ag sceamhail ó gach taobh díobh
Tá cosc go dian ar éinne pé méid é a phráinn
Bhíodh cider milis láidir á riar i dtigh na sár-fhear
Is an Eaglais gach feile acu ar ‘station’ go hárd
Ach anois tá na séimh-fhir fé crosa fallsa an tsaoil seo
Fé tharcaisne ag méirligh á n-éileamh gach lá.A Dhia nach bocht an scéal é iad á gcur amach as Eirinn
Ag grathain ghránna ‘n Bhearla nar ghéill do Mhac Dáith
Is go bhfuil fhios ag gach éinne ná rabhadar ciontach riamh in aon ní
Ach ag seasamh dá gceart féineach is gan é acu le fáil
Ta an bhaintreach go brónach is a dileachtaí le deorann
Ó cuireadh na h-óigfhir thar a n-eolas chun fáin
‘Thugadh prátaí im is feoil dóibh is tine dhearg móna
An fuacht go doimhin ba dhóig liom nar bhaol dóibh a fháil.A chualabhair a dhaoine an plean a cheap an dís úd
Go raibh an scéal ag gabháil thimpeall gur chríochnaíodar an gnó
Gur bhailíodar na sála thar na geataí móra árda
‘S amach ansan go brách leo gan spleachas dá namhaid
Chuadar go Portláirge ag iarraidh dul thar sáile
Siúd ní ná raibh i ndán dóibh is níor ráinigh sé dhóibh
Mar bhí fear a mbraite láimh leo a thug thimpeall orthu an gárda
‘S isteach arís gur sháitheadh iad in áras faoí bhrón.Nuair a chuala na méirligh go raibh greim acu ar an séimh-fhir
Go deimhin ba mhór an prae leo iad a thraochadh le cnáib
Crochadh no transporting amach ar fad thar bóchna
I bhad ó ghaol is ó chomhfas gan fóirthint go brách
Ar nós Iudus gránna an chlampair ‘chuir Iosa Críost i dteannta
Ina chroí istigh bhí an feall is b’fhallsa í a phóg
Ach gurb é a deirtear linn sa tseanreacht go bhfuil a anam siúd i dteannta
In Ifreann na ndeamhan thíos go cantlach á dhó.Má thagann sé chun críche go bhfeicimíd arís iad
Is a bpardun scrite ó’n Rí acu á insint ar só
Baileóimíd ina dtimpeall gan spleachas dos na peelers
‘S beidh ar gcornáin dí againn go h-aoibhinn á n-ól
Beidh againn glór na píbe ceol spórt is aoibhneas
Ó mhaidin go dtí an oíche ‘s ó’n oíche go dtí ‘n lá
Beidh na barraillí ar a bhfaobhar againn ag fáscadh lámha a chéile
‘S a sláinte geal in Éirinn go dtaoscfaimíd go brách.
Rianta
- Na Conneries (Nioclás Tóibín)