Sonraí le haghaidh: Píopa Ainde Mhóir
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Píopa Ainde Mhóir' on thesession.org
- Liricí
Agus bhí mé oíche shaoire ‘dTír an Fhia ‘s mé ‘tíocht ó cheol
Chruinnigh an ceo ‘ mo thimpeall is níor léir dhom aon tsórt
Thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg bhí sa gcaoileach
Leis an deatach ‘bhí os mo chionn-sa ag Píopa Ainde Mhóir.‘S mo bheannachtsa le gaoith chugat síos, a Ainde Mhóir
Do mhac go dtí in inmhe agus lao go raibh ‘g do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsinge sa tír seo
‘S ní chaithfear fáithe ‘n Gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhó spórt.‘S suíd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná le dróib,
Chuir sí naoi bpunt síos ann agus píosa dhon duilleoig;
Cailleachaí na tíre is chuinnid ís ina timpeall
‘S d’fhág siad ar fad fuílleach de Phíopa Ainde Mhóir.‘S ag ghabhail go hInis Ní dhom le lucht caorach agus bó
Maidin bharbh Gheimhridh is é gaofarach go leor,
Ag dul trí Thóin Uí Luinge dhom ‘sea thosaigh ‘n bád a’ líonadh
‘S ba mhaith an galún taosctha rinne Píopa Ainde Mhóir.Is bhí mé amuig ar aonach i gCill Bhríde ‘s mé ag ól,
Bhí comhluadar maith ‘mo thimpeall is riaradh mhaith cheoil
Bhí beirt isteach as Maoinis ann is an stíl mhór acu líonta,
‘Sé d’fhiafraigh an tseanbhean chríonna—‘an é sin Píopa Ainde Mhóirt?
Rianta
- Píopa Ainde Mhóir (Máire Nic Dhonncha)