Sonraí le haghaidh: Cúirt Bhaile Nua
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- A Dorian
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Cúirt Bhaile Nua' on thesession.org
- Liricí
Lá breá dár éiríos ar maidin
Ag triall dom ar Chúirt Bhaile Nua
Cé d’fheicfinn ach mo Neillí gabhail tharm
‘S ba ró-dheas é a leagan ‘s a snua
Bhi a grua bán, níos gile ná ‘n eala
Ná sneachta mín éadrom an lae
‘Gus a stóirín nach trua leat mo chás-sa
Mar is lag lúbach a d’fhága tú méTá teachín deas gleoite sa ngleann a’m
Agus bím ann go huaigneach liom fhéin
‘S dhá dtiocfadh mo Neillí ar cuairt a’m
Thabharfainn póigín dheas mhilis dhá béal
Nach iomaí cailín deas a chraithfeadh láimh liom
‘S a thiocfadh sa teach a’m le mí
Ach dhá bhfaighinnse leo ór buí gus diamonds
Sí Neillí tá i gceart lár mo chroíCén t-íontas dhá lasfadh an talamh
Cén t-íontas dhá mbrisfeadh mo chroí
Cén t-íontas dho mo shúile ‘bheith leata
Is a liachtaí deor shil siad le mí
Tá mise tinn brónach le fada
Deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua
Ag dearcadh go géar ar an gcailín
Tá na cónaí i gCúirt Bhaile NuaAch brón ar an té nach mbíonn críonna
Is nach ndéanann gach ní mar is cóir
Is mise mé fhéin a bhí criontach
Nach ndeacha mé in am faoina cóir
Ó thabharfainnse cáil agus cliú dí
Ach níl goir agam labhairt léi níos mó
‘S go siúlfainn seacht ríochta na hÉireann
Leis an bpéarla ‘tá i gCúirt Bhaile Nua
Rianta
- Cúirt Bhaile Nua (Treasa Ní Mhiolláin)
Le ritagallagher ar 19:31 ar 23 March 2011
This recording is NOT Rita Gallagher!
Le ritagallagher ar 19:33 ar 23 March 2011
Treasa Ní Mhiolláin, NOT Rita Gallagher!