Sonraí le haghaidh: Táim In Arrears
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- G Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Táim In Arrears' on thesession.org
- Liricí
Thugas-sa bliain ar an gcarraig
Is bliain eile i gCaiseal ‘na dheoidh
Is an bhliain sul ar fhágas an baile
Bhí próiseas in dachad im chóir.Curfá:
Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh ‘n óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach na díolfad go deo.Siúd ort a mháthair mo chéile
Ná faca ar aonach riamh fós
A chladhaire na h-ól orm braon de
‘S nár fhág tú fiú an ghé ‘gam gan ól.Curfá:
A chailleach do thugais-se t-éitheach
Níor ólas do ghé ná do bhó
Go deimhin duit ná fagfa’ mé’n t-aonach
Go n-ólfadh an léine do’d tóin.Curfá:
Is duine gan gustal gan éifeacht
Gan súil le haon bhraon de go deo
A mhaoidhfeadh ar mháthair a chéile
Go n-ólfadh sé an léine dá tóin.Curfá:
Comhairle do fuaireas-sa féinig
Ó shean duine aerach go leor
Go mb’fhearra dhom scilling chun éadaigh
Ná é fhágaint im dhéidh i dtigh ‘n óil.Curfá:
Fiche bó bainne do bhéarfainn
Is tarbh ‘na ndéidh insa ród
Dá dtabharfá na móide ó’d bhéal dom
Nach n-ólfa aon bhraon de go deo.Curfá:
Mile bó bainne dá mbéarfadh
Is tarbh ‘na ndiadh dom sa ród
‘S na móide dá dtabharfainn ó’m bhéal duit
Ní leomhfainn gan dul chun tí’n óilCurfá:
Tá banda den dríob ar do hata,
‘S do charabhat scaoilte faoid’ sceoig
Do pheribhic bíonn ‘na choc reatha
‘S stracaithe bhíonn do chasóg.Curfá:
Ceannóidh mé peiribhic phúdair
Is gan dearmad búclaí do ‘m bhróg
Hata trí gcoc go mbeidh stiúir air,
Is maig air anonn go tí ‘n óil.
Rianta
- Táim in Arrears (Seamus Mac Mathúna)
- Táim in Arrears (Seamus Mac Mathúna)
- Táim in Arrears (Seamus Mac Mathúna)
- Táim In Arrears