Sonraí le haghaidh: An Bhuatais
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- C Dorian
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'An Bhuatais' on thesession.org
- Liricí
Ailéliú, a dhuine a chuinnigh an t-ualach,
Ar mhiste leat gluaiseacht nó an mairfir go brách.
Bagún dod chistin a d’oirfeadh rómhór duit
Is má chuirfear san uaigh leat é codail go sámh.
Dá mhéad iad do dhlithe, d’ionmhas is d’ualach
Chífidh tú an tuama romhat lán des na cnámha
Ach de réir mar a thuigim do shentence an uair úd,
Ní thabharfairse an bhuatais go Flaithis na nGrás.Is dóigh liom gur chodail tú i gcraiceann mhic tíre
Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid.
Ná dean dia ded bholg i bpobal na ndaoine,
Nó an bhfeiceann tú Gaeil bhocht le heasnamh ag fáil bháis.
D’aithníos ar do dhochma lá croite na síol dom
Nach raibh do chroí istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis.
Ach an crann a mbíonn an toradh air ní chloisim go gcríonann,
Is go bhfóire go caoin ort Mac Mhuire na nGrás.An té a thabharfadh bliain ar an leaba i ngalar is i gcruatan,
Is a d’éireodh ina sheasamh ag grafadh is ag bualadh,
Is ná smaoineodh ar Aifreann beannaithe an Uanmhic,
A shaorfadh ón gcruatan a anam lá an ghá.
Ailéliú, a dhuine, chonaic tú na mílte,
Is ní fhaca tú Íosa a d’fhulaing an Pháis
Ar chranna na Croise is an chonairt á dheoladh,
Mar a mbíodh an Fhuil Ghlórmhar ina ceathanna ar lár.Mo ghrá, mo lagar, i mbranar ag gluaiseacht,
Ní chloisim aon duan uait i bhFlaitheas na nGrás;
Ní airim, ná meamram cneasta ná stuama,
O cailleadh Eoghan Rua bocht níl a bharra le fáil.
Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí i gcruatan?
Gheobhaidh tú do dhualgas, mar a mheasaim, lá an bháis;
Raghair sna Flaithis gan hata, gan bhuatais.
Ach cochall ró-uasal anuas ort go sáil.
Rianta
- An Bhuatais (Seamus 7 Úna Mac Mathúna)
- An Bhuatais (Niamh 7 Úna Nic Mhathúna)
- An Bhuatais (Nioclás Tóibín)