Sonraí le haghaidh: Sliabh Na mBan
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Sliabh Na mBan' on thesession.org
- Liricí
Ní airím bhéarsa ó lon ná ó chéirseach
Ní fhásann féar ins na gaortha ceart,
Mar nach bhfuil suim ag a’ spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Ach i ag gol ‘s a’ béiceadh ‘s ag réabhadh bas
A rá liom ‘Faoiseamh ní bhfaighidh na séimh-fhir
Aon oíche in Eirinn, ná uain chun ‘reast’
Ag a’ trúp so mhéirligh, atá ag teacht lena chéile
Ó buaileadh go daor sinn ar Shliabh na mBan.Is oth liom féinigh bualadh an lae úd,
Do dhul ar Ghaeil bhocta ‘s na céadta slad
Mar atá na méirligh a’ dhéanamh ‘game’ dinn
Is a rá nach aon ní leo píc ná slea
Níor tháinigh ár Major i dtúis an lae chughainn
Is ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart
Ach mar seolfaí tréada de bhuaibh gan aoire
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.Mo léan léir an dream gan éifeacht
Nar fhan le h-éirim, is d’óiche stad
Go mbéadh Dúiche Déiseach agus Iarthar Éireann
A’ triall le chéile o’n dtír aneas.
Bhéadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana
Bhéadh cúnamh Dé linn, is a’saol ar fad
Is ní dhíolfadh méirleach de Mhuintir Néill sinn
Ach bhuaidhfí an réim linn ar Shliabh na mBan.Sé Ros do bhreoigh is do chlaoí go deo sinn
Mar a fágadh mór-chuid dinn sínte lag
Na leanaí óga ‘ na smólaibh ann dóite
Is an méid a d’fhan beo dhíobh cois claí nó scairt
Ach geallaim fós díbh, an té a dhein an fóghladh
Go mbéam i gcóir dó le píc is le slea
Is go gcuirfeam Yeomen ag crith ‘na mbrógaibh
Ag díol an chomhair leo ar Shliabh na mBan.Is mó fear aosta gus crobhaire gléigeal
O am go céile do gabhadh le seal
Go bhfuil córdaí caola a’ baint lúth a ngéag díobh
I ndoinsiúin daora go domhain faoí ghlas
Gárdaí taobh leo ná leomfadh sméid ortha
Do dhéanfadh plé dóíbh i dtír thar lear
Le na dtabhairt soar ón a namhad gan buíochas
In am an tsaothair ar Shliabh na mBan.Tá an Franncach faobhrach len a loingeas gléasta
Faoí crannaibh géara ar muir le seal
Sé an síor scéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn
Is go gcuirfid Gaeil bhochta ‘rís ‘na gceart
Dá mba dhóigh liom féineach go mba fhíor an scéal úd
Bhéadh mo chroí có h-éatrom le lon ar sceach
Go mbéadh claoí ar mhéirligh, is na h-adharca dá séideadh
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.Tá na cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais
Tá an aimsir óg is an chabhair ag teacht
An té a mhill na gnótha, ‘sé a leighisfidh fós iad
Is ní dhíolfam feoirling leo, cios ná sraith
Píosa coróineach an chuid is mó dhe
Luach éiric bó nó teaglaigh deas
Ach beidh rinnce ar bhóithre is soilse á ndó ann
Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.
Rianta
- Sliabh Na mBan (Johnny Doran)
- Sliabh Na mBan (Sean Maguire agus Fr. Lyons)
- Sliabh Na mBan (Seamus Ó Cofaigh agus Fr. Lyons)
- Sliabh Na mBan (Willie Clancy)
- Sliabh na mBan (Seamus Mac Mathúna)
- Sliabh Na mBan (Seamus Ó Cofaigh agus Fr. Lyons)
- Sliabh na mBan (Criostóir Ó Cearnaigh agus Liam Brúinéir)
- Sliabh na mBan (Unknown)
- Sliabh na mBan/ etc (Seamus Mac Mathúna)
- Sliabh na mBan (Unknown)
- Sliabh na mBan (Alice Moore)
- Sliabh na mBan (Pádraig Ó Ceannabháin)
- Sliabh na mBan (Johnny Doran)
- Sliabh na mBan (Nioclás Tóibín)
- Sliabh na mBan (Seamus Mac Mathúna)
- Sliabh na mBan (Brian Doherty)
- Sliabh na mBan (Nioclás Tóibín)
- Sliabh na mBan (Sarah Tóibín)
- Sliabh na mBan (Seamus Mac Mathúna)
- Sliabh na mBan (Leo Rowsome agus Fr. Lyons)
- Sliabh na mBan (Cáit Ní Chuis agus Fr. Lyons)
- Sliabh na mBan (Cáit Ní Chuis)
- Sliabh na mBan (Johnny Doran)
- Sliabh na mBan (Unknown)
- Sliabh na mBan (Rev. Chris Warren)
- Sliabh na mBan (Seamus Mac Mathúna)
- Sliabh na mBan (M. Hanrahan agus Willie Clancy)
- Sliabh na mBan (Maitiú Ó Fathaigh)
- Sliabh na mBan (Eddie Moloney)
- Sliabh na mBan/Farewell to Connacht (Dick Nangle agus Rory O'Donnell)
- Sliabh na mBan (Johnny Doran)
- Sliabh na mBan (Andy Keane agus Ciaran MacMathuna)
- Sliabh na mBan/Dunphy's (John Joe Gannon)
- Sliabh Na mBan (Seán Ó Sé agus Echoes of Erin Group 2009)
- Sliabh na nBan/The Quilty (Group) (Echoes of Erin Group 2015)
- Sliabh na mBan (Seán Ó Sé agus Echoes of Erin Tour of Britain Group 2009)