Sonraí le haghaidh: Bríd Thomáis Mhurchú
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Bríd Thomáis Mhurchú' on thesession.org
- Liricí
Is a Bhrideach na gCarad
Tuig feasta nach súgradh é
Ó thug mo chroí gean duit
Ar mhalairt ná diúltaigh mé
Mar shíl tú mé mhealladh
Le bladar deas ciúin do bhéil
‘S gur thug mise gean duit
Seachas cailíní deasa an tsaoil.Is a Bhríd Thomáis Mhurchú
Molaimse an barr leat féin,
Ar ghile, ar fhinne,
Ar dheise agus áille méin
Do chúilín deas triopálach
Bhí fighte ina thraílseáin óir,
Is an té bheadh gan amharc
Go dtiúrfadh sé soilse dhó.Ó is rachad go Gaillimh
Go gceannaí mé gáirdín úll
Is loingeas ar fharraige
Le haghaidh bheith ‘déanamh spóirt,
Ag filliúint ó Shligeach dhom
Is leide ar bith fháil den chóir
‘S ní chónóinn faoi bhealach
Go mblaisfinn de phóg mo stór.‘S má bhí mise folamh
‘S ar m’fhocal gur mór an scéal.
Is a liachtaí bean deas
A thug taithneamh do ghlór mo bhéil,
Dá mbeadh sé ‘cur sheaca
Ag cur shneachta as chuile áird den spéir
Ach tusa bheith im’ aice
‘S ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.Is a Aon-mhac Muire
Chuir an cuileann tríd an bhféar ag fás
Nach mise an trua-mhuire
‘S mé ag cailleadh na ngéag le grá
Má bhíonn sé inár gcinniúint
Nach féidir dhúinn a chéile fháil
Bí thusa in do choinneal
‘S bheidh mise im’ fhéileacán.
Rianta
- Bríd Thomáis Mhurchú (Seán 'ac Dhonncha)