Sonraí le haghaidh: Dónal Binn Ó Conaill Caoin
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- G Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
- Liricí
Sé Dónal binn Ó Conaill caoin
An prionsa fíor de’n Ghael-fhuil
Gur le foghluim dlí is meabhar a chinn
Do scól sé síos an craos-shliocht
Mar go bhfuil se scríofa i bPastorina
Go maithfear cíos do Ghaelaibh
‘S go mbeidh fairrgí breach le flít
Ag teacht thar poinnte BhearaSan rite fol de dol dol rite fal dol dol
Rite fol ol dol der a laddle iddle
Rite fol de dol dol rite fol ol dol
Rite fol ol dol déroSa bhFomhar seo chugainn sea dhoighfeam púirt
Le glór an Udair Naofa
Beidh Seoirse dúbhach gan choróin gan chlú
Gan sólás búird, gan féasta,
Ólfam lionn is beoir le fonn
Is co-sheinfeam tíuin do Ghaelaibh
Beidh bróga dúbha ‘r gach óig-fhear clúmhail
Cé gur fada dhúinn a n-eamuis.
San rite fol srl…Tá Ministri go diain ‘na choinnibh
A’ déanamh magadh fé siúd
Ach bliain ó inniu na rabhaid againn
Go marbhai diach no pléar iad
Beidh Dónal choiche ar a dtí
Go nglanfar cruinn as Éirinn (iad)
Nuair a bheidh an dlí fúinn féin arís
Ar theacht an Emancipation
San rite fol srl…Dá mbéadh agamsa óige is mire
Mar a bhí uair éigin
Bhéadh faobhar a’ chlaoimh im ghlaic agam
Is dheanfhainn smúit dá bplaoscadh
Fán is diacht ‘gha gcrá go dian
Gan fáil ar iasacht scléipe
Fé láimh an diabhail a ngrád gan faoiseamh
Le pláig is pian á gcéasadh.
San rite fol de dol dol srl…