Sonraí le haghaidh: Cois Abhann Na Séad
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- D Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Cois Abhann Na Séad' on thesession.org
- Liricí
Cois abhann na séad ar uairibh a’ lae
Is mé ‘g imeacht fé dhéin mo shláinte.
Mar a mbídís caora is cnó buí ar ghéagaibh
Is mil bheach ‘na slaod ar bhántaibh
Do labhradar na h-éin, do lasadar na spéartha
Bhí an fharraige ‘na tréan luisne lán suas
Do mhúsgail an ghrian bhí le sealad fé chiach
Agud d’eirig an t-iasc ‘n lán rith.Annsúd ar dtúis in imeallaibh ciumhaise
Coille cúmhra do thárla
An fhinne-bhean fhionn gur binne liom a tiúin
Ná an fidil, an fhliúit, ná an chláirseach.
Ba ró-dheas a súil, ‘s a mala chaol chumtha
‘S a leaca bhí mar chúmhar na trá ‘muigh
Ba ghile a píb ná an eala ar a linn
Is do líon mo chroí le grá dhí.Nuair a dhearcas í annsúd mar a bhí
An ainnir ba chaoine ‘s ba bhreaghtha
Bhí scáil na gcaor na leacain réidh
Agus fátha binn ‘na gáire
Meán a cuím do chraidh mé im chroí
Le taithneamh dá gnaoí ‘s dá gáire
Ó bhaitheas go bonn bhí a ciabh léi go trom
Is a cúl buí go casta fáinneachMo chreach agus mo chás gan mise ‘gus mo ghrá
Ar leaba go lá ‘n-ár n-aonar
Go ciúin is go tláth roimh Aifreann do rá
Is gan cead ag ár namhad teacht taobh linn
A shuairc-bhean bhreá na leabhar-chroch a b’áile
Ó d’fhágais m’intinn buartha
Is ró mhór go mbfhearr lem chroí ‘stigh tú fháil
Ná ríocht is é fháil mar dhualgas.
Rianta
- Cois Abhann na Séad/O'Callaghan's (Séamus Ennis)
- Cois Abhann na Séad (Eilís Ní Shúilleabháin)