Sonraí le haghaidh: Caiptín Ó Máille
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- G Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Caiptín Ó Máille' on thesession.org
- Liricí
An chéad lá de mhí an Fhomhair
Sea chrochamuid na seolta,
‘S ag tarraingt ar na cóstaí
Go tóin an Bhuinneáin siar.
Agus thart anseo le Cliara
Agus Acaill d’fhág taobh thiar dhi,
‘S go hInis Oirc á dtrialladh
Beidh Éire cruinn annAgus thart le Roth na Maoile,
Agus síos go Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin
‘S Trá Bhríde ‘na dhiaidh,
Nó gur dhoirt muid le fána
Thri fharraige ‘s í cáthadh,
Go ndeacha muid don Rátha
Mar is ann a bhí ár dtriall.Is ag síneadh dhúinn le hÁrainn
Mhéadaigh ar an ngála,
Bhí cúrsaí istigh ar thrátha againn
‘S ni mba tráth faillí é.
Ach gur árdaigh sé chun feochaint’
Is an sin chun gaoithe móire,
Gur chrochamuid na seolta
‘S níor mhór dhúinn é in am.An fharraige gur ghéim sí
Agus las na tonnta tréana,
Ó chruinnigh na spéartha
Agus mhéadaigh ar an gceo,
‘S dá mbéadh caint ag na clára
Go n-inseoidís scéal cráite,
An ghoireacht is chuaigh an bás dúinn
‘S gan eadrainn ach iad.Bhí criú na loinge ar aon chor
‘S iad ag dearcadh ar chlár m’éadain,
Ag súil le cabhair a dhéanamh
Agus gan aon mhaith dhóibh ann.
Ach gur dhúirt mé leo ar aon chor
Go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a gcuid éadaigh
An fhaid ab fhéidir léithe snámh.Agus tá mo lámha stróicthe
Go siorraí ‘tarraingt rópai,
Tá an croiceann is an fheoil
Is é tarraingthe amach on gcnáimh,
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhúinn
Cén mhaith a bheith dhá shéanadh.
Ach ag gabhail go Flaithis Dé dhúinn
In aon stáid amháin.
Rianta
- Caiptín Ó Máille (Darach Ó Catháin)
- Caiptín Ó Máille (Darach Ó Catháin)
- Caiptín Ó Máille (Darach Ó Catháin)
- Caoine Uí Riada/Máire Ní Eidhin/Caiptín Ó'Máille, etc. (Darach Ó Catháin)