Sonraí le haghaidh: An Brianach Og
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Gléas
- G Major
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1970s
Search for 'An Brianach Og' on thesession.org
- Liricí
Lá breá gréine ‘s mé a’ dul chun aonaigh
le scata caorach is le macha bó
‘Sea chuala an spéirbhean ag caoí na h-aonar
I mBriathar Gaoluinne ba dheise beól
A rún ‘sa lao dhil, ó suídh síos taobh liom
‘nois seol chugainn daor phunch is béam ag ól
Is an uair gur féidir ár gol do réitheach
Beir mar chéile ‘gan mBrianach óg.Do gheall mo mháithrín do dtabharfadh sí stáit dom
Céad ins a’ ráithe ‘gus macha bó
Ach faraoir cráite ní h-é bhí i ndán dom
Is d’fág san ar fán mé ag sileadh deor
‘Dá bhfaighuim-se ‘n stát san, i lár na Blárnan
Cheannóinn láirín dom’ mhíle stór
Bhéadh fuip naoí bhfáinní’s strain ‘na láimh deas
Is marcaíocht áluinn d’on mBrianach Óg.A chailín áluinn, bímís páirteach
Sín chugam do láimh agus tabhair dom póg
Is ragham amáireach ‘dtí ‘n Athair Pádraig
‘nainneóin ár gcáirde ‘s a mhaireann beo
Beidh pósadh breá ‘gainn san áit seo ‘máireach
Beidh fíon Ó’n Spáinn againn is punch ar bórd
Beidh ár gcáirde ‘g ól ár sláinte
Is go mbua Dia ‘n lá leis an mBrianach Óg.
Rianta
- An Brianach Óg (Seán De hÓra)