Sonraí le haghaidh: An Spealadoir
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'An Spealadoir' on thesession.org
- Liricí
Um Méan an Fhomhair do caitheamh dom ba tuirseach dúbhach mo scéal
Go breoite brónach ceasnaithe gan aiteas ins a tsaol;
Mo pháircín féir gan gearradh ‘gam de dheascaibh Chlainn a’ Bhreachlainn
Is féar na gcomharsan treascartha ‘s á chíoradh le gréin.Do smaoiníos im’ aigne istoíche trí ‘m néall
Go raibh beirt de fhearaibh calma ar Uibh Ui Mhaoir
Faoi’n a ndéin gur chuireas teachtaireacht chun mo pháircín féir a ghearadh dhom
Is ba ghramhar, fáilteach freagarthach a thánadar araon.Nuair a ghabhadar ar maidin ag sabháilt an fhéir
A bpící ‘gus a raca ‘ca i láimh gach n’aon,
Do chíoradar ‘gus scapadar, á chnuasach chun an eadartha
Is bhí na cocaí ceangailte le fáinne an lae.
Rianta
- ComhaltasLive #237 - 2: Muireann Nic Amhlaoibh, Singer from Danú (Billy McGlynn, Muireann Nic Amhlaoibh, Michelle Mulcahy agus Willie Fogarty)