Sonraí le haghaidh: Bríd Bhán
Maidir leis an gcumadóireacht seo
- Eochairfhocail
-
Tada fós
- Áit Foilsithe
- Dublin
- Ré Foilsithe
- 1980s
Search for 'Bríd Bhán' on thesession.org
- Liricí
Ní h-ionann liom a ‘sliabh ‘s an bhaile ‘tá mo dhiaidh
‘Gus, a Dhia, gan mé aríst ann
Gan mé sa teach mhór ‘tá deanta ‘r thaobh a’ róid
Agus mé bheith ann gan bhó gan chaora
Ní bheinn in bhur gcró anois ar theacht a’ Domhnaigh
Bhéadh an tAifreann do mo chóir ‘s mo dhaoiní
Is dá mba liomsa ‘n Éirne anuas ó Loch Éirne
Gur i dTeilionn a b’fhearr liom cónaíA Bhríd Bhán, a rún, glac misneach bhéas mór
Is ná cluintear níos mó thú ag éagaoint
‘S nach bhfuil ní ar an domhan dá bhfaca tú le feabhas
Nach mbeidh againn insa bhaile úd a ‘mbeidh muid
Caoirigh agus gabhair, caiple agus buaibh
Agus uain mhaith’ go bhfuighimíst féar daof’
Nach ró-dheas an áit seo i dtoradh ‘gus i ngráin
‘Gus an bradán ar an abhainn ag léimnighTá na caoirigh ‘nseo gan dóigh, crupán ar na buaibh
Agus galar ar na gabhair sna h-alta’nn
Méadaíonn sé mo bhrón, níl anseo ach móin
Is a’ chib dhubh ní airímse ina féar í
A’ méid bradáin agus éisc dár shnámh gcuan Teilinn ‘riamh
Agus taradh siad aniar faóin gharraí
Ní thabarfainn thart mo shúil le tuise ‘gus le cumhaidh
O tháinig mé in bhur gciúid ghránna
Rianta
- Bríd Bhán (Conal Ó Domhnaill)